top of page

Iniúchadh TG4: Céad míle fáilte?
Takes European Award

Trailer: https://youtu.be/Gwdzxgsxa

A TG4 current affairs documentary Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? has been announced as the overall winner in the  ‘Investigative Journalism’ category at PRIX CIRCOM 2023. The award for the Investigative Journalism category is sponsored by the Council of Europe.  Fourteen judges, representatives of regional public service television stations in Europe watched more than 170submitted entries for this year's Prix CIRCOM Awards. They rewarded the very best productions in 11 categories, ranging from Documentaries, News Report to Music and Arts, and Digital Multimedia. Entries came from 22 regional public service television stations in Europe. 

 

The winning programme Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? examines recent anti-immigration protests across Ireland and the role being played by a few activists from the anti-immigration movement to drive the protests.  The programme also looks at the level of misinformation that exists in relation to immigration and asylum seekers in Ireland.  The programme asks if the anti-immigration protests and the growing number of refugees and asylum seekers coming to Ireland is contributing to racism.   

 

The programme is part of TG4’s monthly current affairs strand Iniúchadh TG4.  It is produced by Belfast-based Clean Slate Productions and presented by investigative journalist Kevin Magee.

 

The Prix CIRCOM awards honours the best regional productions. They are the most important international awards for regional programmes and were first presented in 1990. There are eleven categories in this year’s awards ranging from Documentaries, News Report to Music and Arts, and Digital Multimedia.

  

TG4’s Head of News and Current Affairs, Deirdre Ní Choistín says “I would like to congratulate Clean Slate Productions on this award which recognises the quality of journalism in the programme on a European level by CIRCOM judges.  The programme portrays an Irish perspective on a European-wide issue. TG4 is committed to the development of News and Current Affairs across all platforms, and receiving this award is a testament to that commitment.” 

 

The awards will be presented on June 1st at a Gala show as part of the CIRCOM Regional Annual Conference which takes place in Donostia-San Sebastian, Spain, hosted by EITB – Basque Radio and Television. 

 

Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? is available to view on the TG4 Player: https://nasc.tg4.tv/IniuchadhTG4-CeadMileFailte

Tá gradam Eorpach buaite ag an gclár cúrsaí reatha Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? ag Prix CIRCOM 2023.  Roghnaíodh an clár mar bhuaiteoir na catagóire ‘Iriseoireacht Iniúchta’, catagóir atá urraithe ag Comhairle na hEorpa. 

Gach bliain, tugann gradaim Prix CIRCOM aitheantas do na léiriúcháin réigiúnacha is fearr. Is iad na gradaim seo na gradaim idirnáisiúnta is tábhachtaí i dtaobh cláracha réigiúnacha agus is sa bhliain 1990 a bronnadh iad den chéad uair.  Tá aon chatagóir déag i ngradam na bliana seo lena n-áirítear;  Iriseoireacht Iniúchta, Faisnéis, Tuairisc Nuachta,  Ceol agus Ealaíon, agus ilmheáin Dhigiteacha. Cuireadh isteach níos mó ná 170 iontráil ar na gradaim i mbliana ó 22 craoltóir.

 

Fiosraítear sa chlár Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? agóidí in aghaidh inimirce ar fud na hÉireann le déanaí agus an ról atá ag roinnt gníomhaithe ón ngluaiseacht in aghaidh inimirce ag cuidiú leis na hagóidí a chur chun cinn. Pléitear freisin an méid eolas míchruinn atá ann maidir le hinimirce agus iarrthóirí tearmainn in Éirinn agus fiosraítear an bhfuil na hagóidí in aghaidh inimirce agus an líon níos mó teifeach agus iarrthóirí tearmainn atá ag teacht chun na hÉireann ag cur leis an gciníochas.  

Tá an clár mar chuid de shraith nua mhíosúil cúrsaí reatha, Iniúchadh TG4, arna léiriú ag Clean Slate Productions atá lonnaithe i mBéal Feirste agus á chur i láthair ag an iriseoir aitheanta Kevin Magee.

 

Dúirt Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 Deirdre Ní Choistín, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Clean Slate Productions as an ngradam atá bronnta ar an gclár Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte? Is aitheantas é an gradam Eorpach ó CIRCOM ar chaighdeán na hiriseoireachta sa chlár.   Tugann an clár léargas ar scéal atá go mór i mbéal an phobail in Éirinn agus atá le feiceáil trasna na hEorpa chomh maith. Tá TG4 tiomanta d’fhorbairt Nuachta agus Cúrsaí Reatha ar gach ardán, agus is fianaise ar an ngealltanas sin é an gradam seo a fháil.”

 

Bronnfar na gradaim ar an 1 Meitheamh 2023 mar chuid de Chomhdháil Bhliantúil Réigiúnach CIRCOM a bheidh ar siúl i Donostia-San Sebastian, sa Spáinn, arna óstáil ag EITB – Raidió agus Teilifís na mBascach.

 

Is féidir féachaint ar an gclár, Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte?, ar sheinnteoir TG4.https://nasc.tg4.tv/IniuchadhTG4-CeadMileFailte

CleanSlate.png
bottom of page